Seo rogha de na ceisteanna is minice a chuirtear orainn sa Choimisiún.
Cad is Reifreann ann?
Is éard atá i Reifreann ná vóta a chaitheann na Daoine ar leasú atá molta ar an mBunreacht. Má vótálann tromlach simplí Tá, déantar an leasú a fhaomhadh agus déantar na focail chuí a bhaint as an mBunreacht nó a chur leis. Má vótálann tromlach simplí Níl fágtar an doiciméad mar atá sé. Bíonn Reifreann faoi réir ag Airteagal 46 agus Airteagal 47 den Bhunreacht.
Cé atá in ann vóta a chaitheamh i Reifreann?
- Ní mór duit a bheith i do shaoránach Éireannach
- Ní mór duit a bheith 18 mbliana d’aois ar a laghad
- Ní mór d’ainm a bheith ar Chlár na dToghthóirí
Más saoránach Éireannach thú agus tú i do chónaí thar lear, ní féidir d’ainm a iontráil ar Chlár na dToghthóirí. Ciallaíonn sé sin nach féidir leat vóta a chaitheamh i dtoghchán ná i reifreann anseo in Éirinn. (Is é an t-aon eisceacht amháin anseo ná taidhleoirí Éireannacha (agus a gcéilí) atá ar dualgas thar lear; féadann siad a vóta a chaitheamh sa phost)
Cad iad Comhlachtaí Ceadaithe?
Is féidir le comhlacht iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin Reifrinn le bheith ina chomhlacht ceadaithe chun críocha reifrinn. Is féidir le comhlachtaí ceadaithe gníomhairí a cheapadh chun a bheith i láthair ag eisiúint agus ag oscailt páipéar ballóide postvótálaithe, ag stáisiúin vótaíochta agus ag an gcomhaireamh.
Chun a bheith ina chomhlacht ceadaithe, ní mór d’iarratasóir:
- 300 comhalta ar a laghad a bheith aige
- leas a bheith aige sa reifreann agus ainm a bheith aige nach bhfuil cosúil le hainm páirtí polaitíochta atá cláraithe ar Chlár na bPáirtithe Polaitíochta
Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh le bheith i do chomhlacht ceadaithe ar an suíomh Gréasáin seo.
Cad é Ról an Choimisiúin Reifrinn?
Ó 2001 i leith, tá an ról bunúsach seo a leanas ag an gCoimisiún:
- Ráiteas amháin nó níos mó a ullmhú ina mbeidh míniú ginearálta ar ábhar an togra agus ar théacs an togra sa Bhille iomchuí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na nithe sin agus is cuí leis an gCoimisiún.
- Na ráitis sin a fhoilsiú agus a dháileadh i cibé slí agus ar cibé modh, lena n-áirítear úsáid na teilifíse, an raidió agus meán leictreonach eile, is mó is dóigh leis an gCoimisiún a tharraingeoidh aird na toghlachta orthu agus a áirithiú a mhéid is indéanta, maidir leis na modhanna a úsáidfear, go gcumasóidh siad do dhaoine a bhfuil míchumas radhairc nó éisteachta orthu na ráitis lena mbaineann a léamh nó a chloisteáil.
- Eolas an phobail ar an reifreann a chur chun cinn agus an toghlacht a spreagadh chun vótáil sa vótaíocht.
Chuala mé go ndéanann an Coimisiún Reifrinn an argóint i bhfabhar agus i gcoinne an reifrinn?
Ó 2001 i leith, ní chuimsíonn ról an Choimisiúin argóintí a dhéanamh i bhfabhar agus i gcoinne moltaí reifrinn.
I gcás ina measann an Coimisiún gur cás suntasach leis an bpobal é agus go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis, is féidir leis cinneadh a ghlacadh cúrsaí a thagann chun cinn i rith na ndíospóireachtaí poiblí a shoiléiriú. De ghnáth dhéanfadh an Coimisiún é seo trí fhaisnéis chuí a sholáthar ar a shuíomh Gréasáin.
Cé hiad na daoine sa Choimisiún Reifrinn?
Bíonn iarchomhalta den Ard-Chúirt nó den Chúirt Uachtarach nó duine atá ag fónamh mar chomhalta den Ard-Chúirt ina C(h)athaoirleach ar an gCoimisiún. Is é an Príomh-Bhreitheamh a cheapann an Cathaoirleach ar iarratas ón Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil. Bíonn ceathrar comhaltaí de bhrí oifige ann. Is iad sin:
- Cléireach Dháil Éireann
- Cléireach Sheanad Éireann
- An tOmbudsman
- An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Is é Oifig an Ombudsman agus an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí a sholáthraíonn Rúnaíocht an Choimisiúin Reifrinn. Íocann an dá oifig as na costais foirne sin agus ní íoctar iad amach as na buiséid do na feachtais faisnéise. Ní fhaigheann an Cathaoirleach ná comhaltaí eile an Choimisiúin Reifrinn aon íocaíocht as obair an Choimisiúin.
Cé a chuireann maoiniú ar fáil don Choimisiún?
Faigheann an Coimisiún maoiniú ó Roinn choimircíochta an togra reifrinn lena mbaineann, m.sh., ba é an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a chuir maoiniú ar fáil don reifreann maidir le Pá na mBreithiúna, agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chuir maoiniú ar fáil don reifreann maidir le Fiosruithe Thithe an Oireachtais.
An féidir leat vóta a chaitheamh sa phost?
Go hiondúil ceanglaítear ort vóta a chaitheamh go pearsanta in ionad vótaíochta oifigiúil, ach d’fhéadfadh sé go mbeifeá incháilithe do vóta poist más rud é go bhfuil tú:
- I do bhall lánaimseartha d’Óglaigh na hÉireann
- I do bhall den Gharda Síochána
- I do thaidhleoir Éireannach nó mar chéile taidhleora Éireannaigh atá ar dualgas thar lear
Tá sonraí breise ar fáil ar an suíomh Gréasáin Eolas do Shaoránaigh.
Ní bhfuair mé mo chárta vótaíochta fós. An mbeidh sé ag teastáil uaim le vóta a chaitheamh?
Ní bheidh do chárta vótaíochta ag teastáil uait. Ní mór duit aitheantas pearsanta bailí a thabhairt leat, cosúil le pas nó ceadúnas tiomána, nuair a théann tú chun vóta a chaitheamh.
I mBéarla, cé acu atá ceart, “referendums” nó “referenda”?
Gach uair a dhéantar Coimisiún Reifrinn a bhunú, déanann roinnt daoine gearán a chur chuig an gCoimisiún faoin gcaoi a n-úsáideann sé an focal béarla “referendums” mar uimhir iolra ar “referendum”. Is gnách leo a áitiú gurb é an uimhir iolra ar “referendum” ná “referenda”. Mar eolas, cé go nglactar le ceachtar leagan den iolra, is fearr leis an gCoimisiún “referendums” a úsáid agus géilleann sé ar an ábhar sin don Oxford English Dictionary, agus tá an sliocht ábhartha anseo thíos -
referendum. Pl. referendums,-enda. [L., gerund or neut. gerundive of referre to refer.] The practice or principle (in early use chiefly associated with the Swiss constitution) of submitting a question at issue to the whole body of voters. In terms of its Latin origin, referendums is logically preferable as a modern plural form meaning ballots on one issue (as a Latin gerund referendum has no plural); the Latin plural gerundive referenda, meaning ‘things to be referred’, necessarily connotes a plurality of issues. Those who prefer the form referenda are presumably using words like agenda and memoranda as models. Usage varies at the present time (1981), but TheOxfordDictionary for Writers and Editors (1981) recommends referendums, and this form seems likely to prevail.
Cé a dhearann an páipéar ballóide?
Leagtar síos cruth agus ábhar pháipéar ballóide an reifrinn leis an dlí, in Acht an Reifrinn 1994.
Conas is féidir liom m’ainm a chur ar Chlár na dToghthóirí?
Cuireann na húdaráis áitiúla (comhairlí contae agus comhairlí cathrach) Clár na dToghthóirí le chéile gach bliain. Foilsítear é ar an 1 Feabhra gach bliain agus bíonn sé bailí ón 15 Feabhra gach bliain. De ghnáth bíonn cóipeanna den Chlár ar fáil in oifigí an phoist, i leabharlanna poiblí agus i Stáisiúin na nGardaí ionas gur féidir leat seiceáil go bhfuil d’ainm ar an gclár. Is féidir leat seiceáil ar líne freisin ag http://www.checktheregister.ie
Chun d’ainm a chur ar Chlár na dToghthóirí ní mór duit foirm iarratais RFA a chomhlánú. Cliceáil anseo chunfoirm RFA a íoslódáil.
Conas is féidir liom m’ainm a chur ar an gClár Forlíontach?
Mura bhfuil d’ainm ar chlár na dtoghthóirí nó, má tá sé ar an gclár ach nach bhfuil tú i do chónaí níos mó ag an áit a bhfuil tú cláraithe, is féidir leat d’ainm a chur ar an gClár Forlíontach. Ba cheart duit é seo a dhéanamh láithreach.
Tá foirmeacha iarratais chun d’ainm a chur ar an gClár Forlíontach ar fáil ó do Chomhairle Contae nó Cathrach, Stáisiún Garda, Leabharlann, Oifig an Phoist agus ar líne ag http://www.checktheregister.ie
- Athrú ar do sheoladh: Má tá tú ar Chlár na dToghthóirí ach gur bhog tú ó do sheoladh i dtoghcheantar amháin Dála nó údaráis áitiúil go ceann eile, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar iontráil san fhorlíonadh leis an gClár ag an seoladh nua tríd an bhfoirm iarratais RFA3 a chomhlánú. Cliceáil anseo chun foirm RFA3 a íoslódáil
- Níl tú Cláraithe: Chun d’ainm a chur ar an bhForlíonadh le Clár na dToghthóirí ní mór duit foirm iarratais RFA2 a chomhlánú. Cliceáil anseo chun foirm RFA2 a íoslódáil.
Cá bhfuil mo Stáisiún Vótaíochta áitiúil?
Tá an fhaisnéis seo ar fáil ar do Chárta Vótaíochta. Nó ina áit sin, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil do Stáisiún Vótaíochta.
Cén t-am a n-osclaíonn agus a ndúnann mo Stáisiún Vótaíochta?
Tá an fhaisnéis seo ar fáil ar do Chárta Vótaíochta. Nó ina áit sin, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an údarás áitiúil sa cheantar ina bhfuil do Stáisiún Vótaíochta.