An-Coimisuin-Reifrinn

BaileseparatorNuacht & Ilmhéan

Nuacht & Ilmhéan

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiúnReifrinn ag an seoladh ríomhphoist seo a leanasrefcom@ombudsman.gov.ie

Nuacht is Déanaí

Bhunaigh an tUasal Phil Hogan TD, an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Coimisiún Reifrinn an 30 Márta 2012 don reifreann atá le teacht faoin mBille um an Tríochadú Leasú ar an mBunreacht (Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta) 2012. Beidh an reifreann ar siúl an 31 Bealtaine 2012. Tá Leabhrán Treorach á ullmhú ag an gCoimisiún faoi láthair a bheidh le seoladh chuig gach teaghlach sa tír.Táthar ag súil leis go gcuirfear tús leis an obair leis an Leabhrán Treorach a dháileadh an 8 Bealtaine agus go mbeidh sé curtha i gcrích faoin 18 Bealtaine. Beidh suíomh idirlín ar leith ag an gCoimisiún freisin – www.referendum2012.ie– ar a mbeidh faisnéis bhreise, lena n-áirítear nasc leis an gConradh, le fáil.  Táthar ag súil leis go seolfar an suíomh idirlín sa chéad seachtain de mhí na Bealtaine

Leag an tAire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil tuairisc an Choimisiúin faoin mBille um an Leasú ar an mBunreacht (Tuarastal Breithiúna) 2011 agus faoin mBille um an 30ú Leasú ar an mBunreacht (Fiosrúcháin Thithe an Oireachtais) 2011 faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid an 20 Aibreán 2012. Tá an tuairisc le fáil anseo.

Féach ar ár físeán eolas is deireanaí::

Preas

Ilmheán