An-Coimisuin-Reifrinn

BaileseparatorReifreann Seo CaiteseparatorConradh Nice 2002

Conradh Nice 2002

Reifreann ar an mBille um an Séú Leasú is Fiche ar an mBunreacht 2002 (Conradh Nice)

Bhí reifreann ann an 19 Deireadh Fómhair 2002 maidir le togra chun Bunreacht na hÉireann a leasú chun a cheadú d’Éirinn Conradh Nice a dhaingniú.

Ba é príomhchuspóir Chonradh Nice ná roinnt athruithe a dhéanamh ar na hinstitiúidí a rialaíonn an AE. I measc na n-athruithe institiúideacha tábhachtacha bhí:

  • athruithe ar bhallraíocht an Choimisiúin Eorpaigh;
  • athruithe ar chinnteoireacht i gComhairle an AE, lena n-áirítear comhar feabhsaithe;
  • athruithe ar bhallraíocht Pharlaimint na hEorpa.

Bhí Rialtais na mBallstát reatha den tuairim go raibh gá leis na hathruithe institiúideacha sin chun AE méadaithe a reáchtáil go héifeachtúil. Déileáladh le roinnt saincheisteanna eile sa Chonradh freisin, lena n-áirítear roinnt gnéithe slándála agus cosanta.

Thoiligh na daoine leis an togra. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na vótaí a caitheadh, féach - http://www.environ.ie/en/LocalGovernment/Voting/Referenda/PublicationsDocuments/FileDownLoad,1894,en.pdf