An-Coimisuin-Reifrinn

BaileseparatorReifreann Seo CaiteseparatorPionós an Bháis a Chur ar Ceal

Pionós an Bháis a Chur ar Ceal

Reifreann ar an mBille um an Aonú Leasú is Fiche ar an mBunreacht(Uimh. 2) 2001 (Pionós an Bháis a Chur ar Ceal)

Bhí reifreann ann an 7 Meitheamh 2001 maidir le togra chun gach tagairt do phionós an bháis a scriosadh ón mBunreacht.

Rinneadh leasú ar cheithre fhoráil ar leith sa Bhunreacht, agus ba é an tionchar a bhí ag na ceithre leasú sin ná gach tagairt do phionós an bháis a bhí fágtha sa Bhunreacht a scriosadh agus cosc a chur ar thabhairt isteach an phionóis sin arís faoi imthosca ar bith, fiú i gcás ina bhfuil staid éigeandála i gceist. Toirmisctear ar an Oireachtas anois aon dlí a achtú lena ndéantar foráil chun pionós an bháis a ghearradh.

Thoiligh na daoine leis an togra. Chun tuilleadh eolais a fháil maidir leis na vótaí a caitheadh, féach - http://www.environ.ie/en/LocalGovernment/Voting/Referenda/PublicationsDocuments/FileDownLoad,1894,en.pdf